jeff_lindqvist wrote:galaxyrocker wrote:Ó Siadhail has an interesting article on this I'll see if I can dig up again.
This?
Standard Irish Orthography: An Assessment (I can't access it right now; maybe you can)
I haven't the time to read that article at the moment but will come back to it!
An excellent related read is
Córas fuaimeanna na Gaeilge by Ó Siadhail and Arndt Wigger. It looks at the phonology of different dialects and assesses them in relation to the written standard. Here's a few quotes from the book as compiled years ago by member Peadar Ó Gríofa on daltai.com :
Ar an gcéad iarraidh, is iomaí scáine sa gcóras caighdeánach féin a chuirfeadh dris i gcosán lucht foghlaim. Níl sé ag luí le réasún, cuir i gcás, go scríobhfaí naofa, snáfa, nuair a ghlactar le pógtha, scuabtha, agus an díghlórú céanna i gceist sa dá chineál. Chuideodh sé le lucht foghlaim dhá gcuirfí cosc le litriú iomrallach den tsórt sin. Ar ndóigh, bheadh sé sin fíor faoi bhunáite na leasaithe a mholfar anseo...
B’fhearr cruaidh, gruaidh, ruadh, nuadh, báidh, pláigh, buaidh a scríobh in áit crua, grua, rua, nua, bá, plá, bua...
Sampla deas atá sa bhfocal pá(ighe), mar a thug Ó Murchú faoi deara. Ní raibh aon chall a bheith i dtuilleamaí dromchla aon chanúint amháin, .i. pá, nuair a d’fhéadfaí na foirmeacha a shíolrú as páighe...
Fearacht páighe, b'fhearr láighe, truaighe, nuaidheacht, luaigheacht ná láí, trua, nuacht, luaíocht...
Ba chóir na focla dlí agus guí a scríobh mar dligheadh agus guidhe...
Sna focla iomaí agus garraí, tá canúintí faoi leith roghnaithe faoi chomhair an Chaighdeáin. B'fhéidir go mbeadh sé níos cothroime iomdha agus gar(r)dha a scríobh. Ansin bheadh duine in ann iad a léamh mar /umi:/ nó /umu:/, /gari:/ nó /garu:/ de réir na canúna...
Glacadh sa gCaighdeán le dheachaigh; ba chóir go nglacfaí freisin le fhacaidh, chualaidh, tharlaidh. Ar an gcaoi seo, ghéillfí do bhunáite na gcanúintí agus thaispeanfaí rialtacht...
...ba chóra léigheann, léighfidh, chomh maith le léighte, léaghamh ... Ar ndóigh, tá go leor briathra den chineál seo ann: dóigheann, tráigheann, súigheann, téidheann, srl.
Fearacht léann nó líonn, fágann sáim, báim, srl. Co. Mhuí Eo agus Tír Chonaill as an gcomhaireamh...agus ba cheart sáitheann, sáithfidh...
...molann muid dlúthas, luathas, gnáthach a scríobh...
Dhá dtuigfeadh an cainteoir gur bhain an litriú go dlúth lena chanúint féin is túisce a ghéillfeadh sé don chaighdeán. Dhá mba léir dó narbh iarracht eile é le canúint eile a bhualadh thall air, b’fhéidir go bhféadfaí canúnachas agus cúigeachas a chur i leataobh. Tar éis an tsaoil, easpa* muiníne is ciontsiocair leis an drogall atá ar chainteoir leaganacha as canúintí eile a tharraint aige féin..."