Seomra comhrá

Practice your target languages here.
galaxyrocker
Brown Belt
Posts: 1119
Joined: Mon Jul 20, 2015 12:44 am
Languages: English (N), Irish (Teastas Eorpach na Gaeilge B2), French, dabbling elsewhere sometimes
Language Log: viewtopic.php?f=15&t=757
x 3327

Re: Seomra comhrá

Postby galaxyrocker » Sun Oct 25, 2015 1:44 am

Josquin wrote:Go raibh maith agat, a galaxyrocker! (An úsáidtear an séimhiú anseo? Níl a fhios agam.)


Ní minic a úsáidtear an séimhiú nuair nach ainm Gaelacht atá ann.


Dar liomsa, is leabhar maith é Learning Irish, ach tá sé deacair freisin. Ceapaim go bhfuil sé ró-deacair do thosaitheoirí, ach tá sé ceart go leor má tá beagán Gaeilge agat cheana féin. Tá an ceart agat, níl aithne agam ar aon théacsleabhar na Gaeilge níos fearr, ach is mór an trua go bhfuil sé rud beag seanfhaiseanta, nach ea?



Saghas. Ní maith liomsa na ruda nua mar Duolingo agus Teach Yourself (na cinn nua!). Tá sé i bhfadh níos 'guidebooky' dhomsa, agus ní mhúineann siad an teanga fhéin, ach frasaí dí. Freisin, cuireann siad chun cinn gur éasca atá sé chun teangachaí nua a fhoghlaim, agus ní fíor é sin chor ar bith!


Mar a dúirt mé cheana, chuaigh mé go Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Ba mhaith liom an dá chathair, ach thaitin liom Baile Átha Cliath beagánín níos fearr. Chonaic mé píosa den thaobh tire freisin, mar shampla an cósta taobh ó dheas de Chorcaigh. Bhí sé go hálainn agus thit mé sa ngrá leis an Éirinn agus mé ansin. Ba é seo an cúis ar thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge.


Is tír álainn í. Téir go Gaillimh nuair a bheas tú ar ais - is í an chathair is fearr liomsa (b'fhéidir sa domhan fiú!)


Cén fath a thosaigh tú ag foghlaim na Gaeilge? Céard a spreag thú?


Thosagih mé á foglaim mar ba teanga dhifriúil í, agus bheadh seans ann a ghoil go hÉirinn dá bhfoghlaimeadh mé í. Bhí mé tuirseach den Fhrancais srl. Ó shin amach, bíonn mé i ngrá léithe.
0 x


Return to “Multilingual Room”

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 2 guests